Tuarascáil ar Chuntais na Seirbhísí Poiblí, 2014
D’eisigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a Thuarascáil ar Sheirbhísí Poiblí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2014.
Déileáiltear leis an méid seo sa tuarascáil
- aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú mar gheall ar mo chuid iniúchtaí ar na cuntais leithreasa arna n-ullmhú ag na hOifigigh Chuntasaíochta de chuid ranna agus oifigí an rialtais maidir leis na leithreasaí arna vótáil ag Dáil Éireann don bhliain airgeadais roimhe sin
aon nithe is dóigh liom atá iomchuí a thuairisciú ag eascairt as mo chuid imscrúduithe ar na rialuithe inmheánacha airgeadais atá á bhfeidhmiú ag ranna agus ag oifigí rialtais (sa bhliain airgeadais reatha nó roimhe) d’fhonn rialtacht a n-idirbheart airgeadais a chinntiú, cruinneas a gcuid íocaíochtaí agus fáltas, iontaofacht agus iomláine a gcuid taifid chuntasaíochta agus cosaint na sócmhainní atá faoina n-úinéireacht agus rialaithe acu
- torthaí na n-imscrúduithe a rinne mé ar na cuntais ar an ioncam ar fad a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim – áirítear leis na himscrúduithe sin measúnú ar cibé acu an bhfuil na cuntais iomlán agus cruinn, agus cibé acu an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais curtha ar bun agus i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a dhéanamh ar mheasúnú, bailiú agus leithdháileadh ceart an ioncaim.
Tá na caibidlí aonair sa tuarascáil ar fáil thíos
Toradh Airgeadais an Státchiste le haghaidh 2014
Fiachas Rialtais
Costas na mBeart Cobhsaíochta Baincéireachta amhail deireadh 2014
Cuntasaíocht Vóta agus Bainistíocht Buiséid
Bainistiú Deontas Rialtais
Fabhrú Párolla na gCuntas Náisiúnta
Ciste an Chrannchuir Náisiúnta
Rialú agus Bainistiú Sócmhainní Oidhreachta Sochorraithe
Forbairt Chóiríocht Phríobháideach i mBaile Átha Cliath
Cistiú an Rialtais Láir ar Údaráis Áitiúla
Cistiú an Rialtais Láir ar Uisce Éireann
Socraíochtaí Cánach ar Íocaíochtaí Áirithe do Mhúinteoirí agus Daoine Eile
Forbairt Eircode, an Córas Postchód Náisiúnta
Bailiúchán Blianachtaí Talún
Cistiú an Chiste Árachais Shóisialaigh
Rialtacht Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh
Mírialtachtaí in Íocaíochtaí Scéim na mBéilí Scoileanna
Bainistíocht Iomarcaíochta agus Fiachais ó Scéim Dócmhainneachta
Comhlíonadh le Reachtaíocht maidir le hÍocaíocht Pras san Earnáil Sláinte
Bainistíocht Ioncam Othar Príobháideach san Earnáil Sláinte
Smacht ar Sholáthar Drugaí agus Cógais Ardteicneolaíochta
Bainistiú Fiachais Ioncaim
Togra Conraitheoirí na gCoimisinéirí Ioncaim
Cuntais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann